Stair Amharclann an Pavilion
Aistriúchán Gaeilge ag Eithne Carson.
Cuireadh tús leis an smaoineamh amharclann agus gairdíní a oscailt in 1870. An smaoineamh a bhí ann ná áit álainn agus síochánta a chruthú ina mbeadh mná agus fir uasail Éadbhardach in ann a scíth a ligint. Sa lá atá inniu ann tá an Pavilion suite i mbaile cois farraige darbh ainm Dún Laoghaire, ach in 1879 an t-ainm a raibh ar an mbaile ná ‘Kingstown’. Tugadh an t-ainm sin ar mar go raibh Éire fós faoi riail na Breataine, agus bhí siad ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh ar an rí ag an am, George IV. Osclaíodh an amharclann, `The Pavilion and Gardens' ar an dara lá is fiche Mí Meitheamh 1903.
Nuair a tógadh an Pavilion ar dtús, bhí sé déanta as gloine agus adhmad agus chuir an t-óstán béal dorais, an ‘Royal Marine’ solas leictreach ar fáil. Bhí an struchtúr 150 throigh ar fhad. Sa sean amharclann, bhí seomraí tae, léibheann scaoilte agus gairdín ar an díon, a bhí 30 throigh ón talamh le radharc iontach den fharraige agus de na sléibhte.
Bhí seomraí léitheoireachta scartha le haghaidh fir agus mná. Bhí stáitse san amharclann a raibh maisithe go fonnmhar, 83 throigh ar leithead agus 24 throigh ar airde. Bhí colúin gorm agus órga ann maisithe le bláthanna úra agus cuirtíní. Dhear agus phéinteáil an t-uasal Jackson ón amharclann ‘Gaeity’ na radharcanna stáitse ar fad
Bhí gairdíní móra 4 acra ag an Pavilion, deartha ag William Sheppard, garraíodóir agus ailtire rathúil a bhí cáiliúil idir 1880 agus tús an Chéad Chogadh Domhanda. Ba é an fear céanna a dhear Faiche Stiabhna agus Sú Baile Átha Cliath. Faoin am a tháinig na 1910dí, bhí an Pavilion mar cheann do na hámharclainn is mó tóir ar sa tír.
Tháinig thart ar 4000 duine ann le breathnú ar tinte ealaíne agus le héisteacht le ceol Víneach sna gáirdíní in 1904. I measc ócáidí cáiliúla eile bhí léiriú speisialta ó tenóir cáiliúil John McCormack in 1908. Bhí gáirdíní clocha, cúirt leadóige, eas agus árdán banna le fáil sna gáirdíní, agus mboth ticéid.
Ar an 13ú Samhain 1915 chuaigh an Pavilion trí thine. Aimsíodh an tine ag a 2 a chlog sa tráthnóna, agus cé gur tháinig briogáidí dóiteáin chun iarracht a dhéanamh an tine a stopadh, agus go raibh péint dódhíonta curtha ar an bhfoirgneamh, bhí an amharclann scriosta roimh dheireadh an lae.
Ag an am ar tharla an tine, bhí Éire ag dul tríd a lán coimhlint mar gheall ar Chogadh na Saoirse, agus mar thoradh ar seo, thóg sé roinnt ama an atógáil ar fad a dhéanamh. In 1920 fuair an amharclann cead ón chomhairle uirbeach scannáin a thaispeáint ar an Domhnach gach seachtain le linn cuirfiúnna idir 3 agus 7 san iarnóin. Bhí an Pavilion mar phictiúrlann an-rathúil sna 1920dí agus ba ea na taispeántais scannánaíochta seo ba chúis le rath eacnamaíoch an amharclann le linn na tréimhse.
Sna 1930dí tháinig níos mó tóir ar phictiúrlainn agus bhí níos lú daoine ag breathnú ar drámaí beo, mar gheall ar seo atógadh an Pavilion mar phictiúrlann amháin i 1935. Bhí an fhoirgnimh sealadach ar dtús ach nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda, rinneadh pictiúrlann bhuan ann. Bhí hallaí damhsa i ngach áit ag an am agus bhí ceann ag an Pavilion freisin.
I 1940 bhuail tine eile an amharclann i lár na hoíche, tar éis taispeántais do ‘David Copperfield’ agus ní raibh fágtha ach aghaidh tosaidh agus 4 balla don amharclann go dtí a athosclaíodh an Pavilion ar an dara lá dhéag d’Aibreán 1941 leis an scannán ‘Lucky Cisco Kid’. Bhí an rath ag an bpictiúrlann sna 1950dí agus 60dí.
Stopadh na scannáin seachtainiúil i 1974 mar go raibh níos lú daoine ag freastáil ar an bpictiúrlann le méadú ar dhíolacháin teilifíse. Osclaíodh an Pavilion uaireanta thar an chéad dheich mbliana eile i gcomhair ócáidí éagsúla. Bhí clár RTÉ ‘Pavilion Folk’ curtha i láthair ar an stáitse le ceoltóirí cosúil le The Dubliners’ agus Dé Dannan. Bhí comhlacht Bailé Baile Átha Cliath faoi stiúradh Louis O’ Sullivan lonnaithe ann ar feadh tamaill agus d’úsáid stiúrtheoir comhlacht amharclannaíocht Éirinn, Joe Dowling an áit mar ionad seolta.
In 1981, chuaigh an club oíche ‘Stardust’ trí thine agus arm gheall ar an tragóid seo, rinneadh rialacha diana nua maidir le sábháilteacht tine. Ní raibh airgid ag an Pavilion athchóiriú a dhéanamh chun na rialacha a leanúint agus dúnadh an amharclann arís in 1984.
D’fhan cúrsaí mar seo go dtí 2001 nuair a athosclaíodh é arís agus tá sé fós ansin inniu, amharclann agus pictiúrlann atá nua-aimseartha, ach suite ar an suíomh céanna is a bhí sé céad bliain ó shin.
Déanann an Pavilion nua an iarracht chéanna ardchaighdeán siamsaíochta a chur ar fáil agus spiorad na hamharclainne a choimeád beo.